A review by stiofanob
Those Below by Daniel Polansky

5.0

Críoch iontach leis an scéal a tosaíodh in 'Those Above'. Ní minic gur féidir deireadh sásúil taitneamhach cumhachtach a chur le scéal fantasaíochta, go háirithe i bhfad dhá leabhar. Cé nach leabhar foirfe é ó thaobh plota agus stíl scríbhneoireachta de, bhraith mé ceangal leis na príomhcharachtair agus chuaigh críoch a scéalta féin i bhfeidhm orm. Ardaíonn Polansky ceisteanna tábhachtacha faoi ár na cogaíochta agus ídéil na réabhlóide, agus ní ghéilleann sé do chathú na físe útóipí ná na críche laochúla. Seo sraith leabhar a fhanfaidh liom.